The death has occurred of:
Róis Uí Mhianáin (née Ní Dhúill)
UÍ MHIANÁIN, RÓIS (née Ní Dhúill), Cúirt Joyce, Doire Cholm Cille (agus roimhe sin, Gaoth Dobhair agus Baile Átha Cliath), baintreach Phroinsias Uí Mhianáin, a fuair bás ar 26 Feabhra 2023. Ba mhaith le clann Róis, Pádraig, Róisín, Nóirín agus Gearalt, i nDoire agus i gConamara, buíochas ó chroí a thabhairt d'achan duine a rinne comhbhrón leofa ina mbris, a chuir cártaí Aifrinn agus teachtaireachtaí comhbhróin chucu, agus a chuidigh leo leis an fhaire agus leis an tórramh. Buíochas ar leith leis an Athair John Farren, ceiliúraí an Aifrinn; agus leis na comhcheiliúraithe, iarShagart Paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Pádraig Ó Baoighill, an tAthair Art Ó Raghallaigh agus an tAthair Joseph Gormley. Ár mbuíochas chomh maith leis an lucht leighis san otharlann agus le achan duine eile a chuidigh linn aire a thabhairt do Róis nuair a bhí sí ag éileamh; agus le comharsana Róis. A special word of thanks to Róis’ neighbours. Táimid fíorbhuíoch fosta de Chór Ghaelscoil na Daróige; na hadhlacóirí, Bradley & McLaughlin; agus Cumann Báire Na Magha. Ofrálfar Aifreann buíochais ar bhur son uilig.
Léifear Aifreann Cuimhneacháin Míosa ar son anam Róis Dé Domhnaigh, 2 Aibreán 2023 ar 1.15 pm i dTeach Pobail Naomh Iósaf, Baile na gCailleach, Doire Cholm Cille (BT48 8NU). Month’s Mind Mass for Róis will be held in St Joseph’s Church, Galliagh (BT48 8NU) on Sunday, 2nd April 2023 at 1.15 pm.
- Go soilsí an síorsholas uirthi -
‘Go dtaga an Nollaig i gceartlár an tsamhraidh
Go ndéana mé dea-rás i lár Locha Riach
A’s go bhfása na seamraí i gclárachaibh mo chomhrann
Páirt de do ghrá, ’s ní fhágfaidh sé mo chroidhe.’